Fógraíonn an tAire Creed gur cuireadh tús le hÍocaíochtaí faoin gClár um Aistriú Eolais
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu gur cuireadh tús le híocaíochtaí i dtaca le Bliain 1 den Chlár um Aistriú Eolais.
Dúirt an tAire commented “Tá gliondar croí orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois le híocaíochtaí faoin gClár um Aistriú Eolais. Príomhghné den Chlár um Fhorbairt Tuaithe ar fiú €4 billiún é atá sa Chlár um Aistriú Eolais, agus lorgaíonn sé chun cabhrú le feirmeoirí na scileanna agus an t-eolas a fhorbairt a chuirfidh ar a gcumas acu dul i ngleic le hinbhuanaitheacht, táirgiúlacht agus dúshláin iomaíocha.”
Dúirt an tAire, chomh maith, “cuireann thart ar 1,100 Grúpa um Aistriú Eolais faoin gClár leis an rath a bhí ar iarshamhail an Ghrúpa Plé. Anuas ar chabhrú le huasoiliúint a chur ar fheirmeoirí, léiríodh go mbaineann tairbhí suntasacha sóisialta leis an ngrúpshamhail d’fheirmeoirí i dtaobh cabhrú le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le haonrú tuaithe.”
Nuair a chuirtear struchtúr an Chláir san áireamh, tá íocaíochtaí á dtabhairt isteach anois ar bhonn earnáil ar earnáil. Eisíodh cheana féin íocaíochtaí d’fheirmeoirí atá i nGrúpaí um Aistriú Eolais, agus eiseofar íocaíochtaí maidir le Grúpaí mairteola níos déanaí an tseachtain seo. Eiseofar íocaíochtaí do Ghrúpaí déiríochta, curaíochta, éineola agus eachaí go gairid ina dhiaidh sin.
I ngach cás, tá ceanglas rialála an AE ann nach mór an íocaíocht d’fheirmeoirí i nGrúpaí um Aistriú Eolais a aistriú ar aghaidh go dtí feirmeoirí trí éascaitheoir a nGrúpa um Aistriú Eolais. Eiseofar íocaíochtaí aonair feirmeora don éascaitheoir, a aistreoidh an íocaíocht seo ar aghaidh chuig an bhfeirmeoir ansin. Sa chás gur chomhlíon feirmeoir ceanglais uile Bhliain 1 den scéim, is ionann a bheidh an íocaíocht agus €750. I gcásanna ina bhfuil an feirmeoir in dhá Ghrúpa um Aistriú Eolais, gheobhaidh sé/sí íocaíocht iomlán €1,125.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir,“Thacaigh mé riamh anall leis an ngrúpshamhail a bhuntacaíonn leis an gClár um Aistriú Eolais. Ní hamháin go gcuireann éascaitheoir oilte comhairle shaineolach ar fheirmeoirí, ach féadfaidh siad a n-eispéireas a roinnt agus foghlaim óna chéile i suíomh an ghrúpa. Tá an dealramh air go bhfuil an-tóir ar an idirghníomhú seo idir feirmeoirí, agus tá muinín agam go leanfaidh na 19,000 feirmeoir atá i nGrúpaí um Aistriú Eolais leis na fíor-thairbhí a bhaineann leis an gcur chuige seo a thabhairt faoi deara.”
CRÍOCH
Date Released: 31 October 2017






