Leanann an Comhrac in aghaidh Cur Amú Fógraíonn Creed Dhá Thionscadal Nua chun Cur Amú Bia a Chomhrac
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. go mbronnfar cistiú ar dhá thionscadal i mbliana ó Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe a Roinne, do thionscnaimh atá dírithe ar dhramhaíl bhia a laghdú a ghineann gnólachtaí bia, miondíoltóirí/mórdhíoltóirí, nó soláthraithe i gceantair thuaithe.
Dúirt an tAire Creed an méid seo a leanas nuair a d’fhógair sé na tionscadail rathúla ar a mbronnfar cistiú nach mór €190,000: “Creidim go gcuirfidh an dá thionscnamh seo – ceann amháin ó Mhoil FoodCloud, comhpháirtí le Origin Green; agus an ceann eile ón Ionad Teicneolaíochta Glaine in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí – go mór le cur amú bia a laghdú, agus go gcruthóidh siad tairbhí suntasacha comhshaoil agus sóisialta”.
Nótaí d’Eagarthóirí:
I ndiaidh Gairm ar Thograí a eisíodh in Iúil, a raibh sé mar chuspóir aige sin cistiú a sholáthar, ar bhonn iomaíoch, do ghníomhaíochtaí nó rudaí a bhaineann le cur chun cinn agus/nó forbairt tionscadail phíolótacha nuálacha um laghdú cur amú bia i gceantair thuaithe, rinne Coiste Measúnaithe ina raibh comhaltaí ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) measúnú ar na hiarratais a fuarthas.
- Cuireadh cistiú ar fáil do na tionscadail rathúla seo a leanas:
- FoodCloud – ‘Moil FoodCloud – Ag tacú le Cuideachtaí Bia agus Carthanais i bPobail Tuaithe chun Oibriú le Chéile chun Fadhb an Chuir Amú Bia a Réiteach trí Bhia Iomarcach a Athdháileadh’ (€111,407)
- An tIonad Teicneolaíochta Glaine, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (CTC-CIT) – ‘Tionscnamh Píolótach chun Laghdú ar Chur Amú Bia a Chur chun Cinn agus Cur Amú Bia a Chosc i gCrios Forbartha Geilleagraí Tuaithe Mhainistir na Corann’ (€78,220)
- Is féidir breis faisnéise a fháil ar chur amú bia ag http://www.stopfoodwaste.ie/
- https://food.cloud/
- http://ctc-cork.ie/

Fógraíonn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. go mbronnfar cistiú ar dhá thionscadal i mbliana ó Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe a Roinne, do thionscnaimh atá dírithe ar dhramhaíl bhia a laghdú a ghineann gnólachtaí bia, miondíoltóirí/mórdhíoltóirí, nó soláthraithe i gceantair thuaithe. (Ó Chlé) James Hogan, Bainisteoir Cláir, an tIonad Teicneolaíochta Glaine, CIT; Eimear Delahunty, Comhordaitheoir Forbartha Réigiúnaí, Moil FoodCloud agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD.
CRÍOCH
Date Released: 02 November 2017






